western rail corridor
campaign
FAQ
Archive
History
rail links

West=On=Track

History

An chéad traein go hAcaill agus an traein deiridh

Sliocht as “Fánaíocht i gContae Mhaigh Eo” le Séamus Mag Uidhir

Caibidil XIV

Tá sé corrach le dhá scór bliain anois ó tosaíodh ag caint i dtosach faoi bhóthar iarainn a dhéanamh ó Chathair na Mart go hAcaill. B'iomaí focal cainte a baineadh amach sul ar socraíodh ar deireadh go ndéanfaí an bóthar iarainn chomh fada le Gob a’ Choire. Ní raibh léamh ná inseacht ar an ríméad a bhí ar mhuintir an oileáin nuair a chuala siad go raibh chuile shórt socraithe le tosach a chur ar an obair. Ba é a mbarúil nach bhfeicfeadh siad lá bochtanais ná anró arís go deo ó thárla anois go mbeadh an traein ag teacht go béal an dorais acu.

Nár mhór an gar dóibh seo a théadh chuile bhliain "ag déanamh an fhómhair" ó Acaill go hAlbain agus go Sasana, an traein a bheith acu in áit a dhul ar bháid mhóra go Cathair na Mart le dul ar bhord na loinge ansin a bhéarfadh go Glascú iad. Cinnte chabhraigh an traein go mór leis an oileán ach ní faoi sin atá fúinn trácht anseo anois. Ní raibh áit ar bith ar an oileán an tráth sin a gcasfaí beirt ar a chéile nach mbéadh a bheag ná a mhór de sheanchas acu faoin maitheas a dhéanfadh an bóthar iarainn. Ba bheag áird a bheirtí ar na sean-daoine a sháitheadh a ladar sa tseanchas anois agus arís ag rá go raibh sé sa tairngreacht gur lán traenach de choirp a bheadh leis an gcéad traein a thiocfadh go Gob a’ Choire agus coirp a bheadh leis an gceann speiséalta deiridh a thiocfadh chomh maith.

Nár mhór an gar dóibh seo a théadh chuile bhliain "ag déanamh an fhómhair" ó Acaill go hAlbain agus go Sasana, an traein a bheith acu in áit a dhul ar bháid mhóra go Cathair na Mart le dul ar bhord na loinge ansin a bhéarfadh go Glascú iad. Cinnte chabhraigh an traein go mór leis an oileán ach ní faoi sin atá fúinn trácht anseo anois. Ní raibh áit ar bith ar an oileán an tráth sin a gcasfaí beirt ar a chéile nach mbéadh a bheag ná a mhór de sheanchas acu faoin maitheas a dhéanfadh an bóthar iarainn. Ba bheag áird a bheirtí ar na sean-daoine a sháitheadh a ladar sa tseanchas anois agus arís ag rá go raibh sé sa tairngreacht gur lán traenach de choirp a bheadh leis an gcéad traein a thiocfadh go Gob a’ Choire agus coirp a bheadh leis an gceann speiséalta deiridh a thiocfadh chomh maith.

Dar le cuid mhaith, go mórmhór an t-aos óg, nach raibh sa tairngreacht chéanna ach seafóid shean-daoine nár chóir aon áird a thabhairt air, ach is aisteach í an chinniúint agus cúrsaí an tsaoil. Ba mhaith a cuireadh abhaile do mhuintir Acla, dóibh féin a h-instear é, nár seafóid ar bith an tairngreacht agus gur doiligh a dhul thar cómhrá ná cómhairle na sean.

An bhliain a bhí an bóthar iarainn le bheith críochnaithe bhí "lucht an fhómhair" ag réiteach le dul go hAlbain mar ba ghnáthach leo. Bhí díomá orthu nuair nach raibh ’chuile shórt réidh ag lucht an bhóthair iarainn ionas go dtiocfadh leo imeacht ar an traein, ach dá mbéadh moill seachtaine eile ar "lucht an fhómhair" bheadh an traein ann, ach níor tháinig leo fanacht. B’éigean dóibh imeacht an bhliain sin mar a d’imíodh siad roimhe sin, ar an mbád mór go Cathair na Mart.

D’fhág ós cionn céad acu, idir fir agus mná, an t-oileán ar bháid mhóra le dul go Cathair na Mart, agus an chuid ba mhó dhíobh i mbláth an tsaoil, agus iad láidir folláin aerach. D’éirigh go seolta leo go dtáinig siad cóngarach don chéibh ag Cathair na Mart. Bhí long Ghlascú ansin ag fanacht leis an taoide le dul isteach go dtí an chéibh agus nuair a bhí ceann de na báid mhóra ag dul thart léi isteach, chruinnigh an chuid ba mhó dhíobh seo a bhí ar bord an bháid mhóir anonn go taobh amháin di le lán a súl a bhaint as an long. Maidin chiuin a bhí ann gan friota gaoithe ann ach ar éigin, sa gcaoi gur beag siúl a bhí faoin mbád mór. Ach ar mhí-ámharaí an tsaoil tháinig séideán iom-ghaoithe a chaith an seol thart go dtí an taobh den bhád a raibh na daoine ina seasamh, agus le meáchan na ndaoine agus an tseoil h-iompaíodh an bád ar a taobh agus d’fhan sí mar sin.

Caitheadh a raibh ar bord uirthi amach sa bhfarraige agus bádh go leor acu. Bheadh seans ag cuid acu ach bhí seol an bháid anuas ina mullach agus coinníodh thíos iad. Iad seo nach dtáinig an seol sa mullach orthu tháinig siad slán. Nuair a d’iompaigh an bád bhrúigh an t-uisce isteach innti gur báitheadh iad seo uilig a bhí thíos faoi bhord uirthi, ach aon fhear amháin.

Nuair a chonaic foireann na loinge agus fóirne na mbád eile an rud a tharla tháinig siad de chabhair orthu seo a bhí san uisce. Bhí siad seo a bhí faoi sheol an bháid agus iad seo a bhí thíos faoi bhord thar fóir, acht sábháladh an chuid eile. Bádh ceithre dhuine dhéag agus fiche ach fuarthas na coirp uilig. Tugadh isteach go Cathair na Mart iad gur cuireadh i gcónraí iad lena dtabhairt abhaile go hAcaill.
Socraíodh ansin go mba é an chaoi ab fhearr lena dtabhairt abhaile an giota beag den bhóthar iarainn a bhí le críochnú a chur i gcóir ionas go bhféadfaí an traein a chur leis na marbháin go hAcaill. Rinneadh amhlaidh agus tháinig an traein leo. B’in an chéad ualach a tháinig ar traein go hAcaill agus bhí a sá cruthúnais ag muintir an oileáin ann nach raibh seafóid ar bith ins an chuid sin den tairngreacht ar chuma ar bith. Tá na coirp a tugadh ar an traein sin curtha in aon uaigh amháin i reilig Chill Damhnait i n-uachtar Acla agus leacht shlachtmhar os a gcionn.

D’imigh na blianta thart agus bhí an traein ag teacht is ag imeacht ó Ghob a’ Choire go Cathair na Mart agus tráchtáil mhór dh’á dhéanamh ag lucht an bhóthair iarainn ann ar feadh i bhfad. Ach tháinig athrú ar an saol agus ansin sa bhliain 1937 socraíodh go gcaithfí deireadh a chur leis an mbóthar iarainn sin mar nach raibh sé ag glanadh a chostais féin ní hé amháin aon bhrabach a bheith as. Bhí cur agus cúiteamh go leor ag na daoine agus lucht stiúrtha an bhóthair iarainn faoin gceist mar nach raibh na daoine sásta a bheith gan bóthar iarainn, ach i bhfómhar na bliana sin tugadh an t-ordú go gcaithfí deireadh a chur leis, nach raibh ann ach cailliúint. Bhí a gcuid oibrithe faoi seo ag lucht stiúrtha an bhóthair iarainn ag scaoileadh anuas agus ag tabhairt chun bealaigh leo gach ar bhain leis an mbóthar iarainn ionas go bhféadfaí na ráilleacha a thógáil bun barr.

Nuair a bhí an obair seo uilig ar siúl tháinig scéal uafásach go hAcaill i mí Mheán Fómhair na bliana sin. Rinneadh luaithreán de dheichniúr stócach as Acaill thall in Albain, áit a ndeachaigh an teach a raibh siad ina gcodladh ann trí thine agus gan aon chaoi acusan a fháil as. Tugadh na coirp uilig abhaile agus cuireadh traein speisialta leo ó Bhaile Átha Cliath go hAcaill agus b’in an traein speisialta deiridh a tháinig go Gob a’ Choire. B’iomaí duine a dúirt ansin, agus fáth maith acu lena rá, nár chómhrá cailleach ná seafóid sean-daoine a bhí sa tairngreacht chor ar bith, ach caint a raibh ciall innti agus comhairle go mb’fhiú áird a thabhairt air. Cuireadh coirp na ndeichniúr ógánach seo i reilig Chill Damhnait chomh maith.

Ba as Dumha Thuama in aice le Gaoth Sáile in iarthuaisceart Mhaigh Eo do Shéamas Mag Uidhir (1902-1969). Bhí aithne mhaith air ar feadh na mblianta mar mhúinteoir taistil Gaeilge agus mar mhúinteoir gairmoideachais.

© An Gúm 1994