western rail corridor
campaign
FAQ
Archive
History
rail links

West=On=Track - News

"An fhírinne curtha as a riocht"
i dTuairisc Iarnróid

Foinse, 04/03

"Tá an fhírinne curtha as a riocht go huile agus go h-iomlán sa tuairisc a d'fhoilsigh an sainchoiste speisialta an tseachtain seo caite inar moladh nár cheart an líne idir Sligeach agus Corcaigh a fhorbairt mar go gcosnódh sé an iomarca airgid."

B'in a dúirt Frank Dawson, Stiúrthóir Sheirbhísí le Bord Forbartha Chontae na Gaillimhe le Foinse an tseachtain seo tar éis dó mionscrúdú a dhéanamh ar an tuairsic chonspóideach faoi chúrsaí iarnróid in Éirinn, a thug an chluas bhodhar do na dreamanna éagsúla ó Dhún na nGall go Luimneach a d'iarr orthu an líne, ar a dtugtar Bealach an Iarthair go coitianta, a fhorbairt arís.

"Is liosta le háireamh iad na míchruinnis uilig atá sa tuairisc seo," arsa Frank Dawson.

"Ar an gcéad dul síos tá trácht inti ar an líne idir Sligeach agus Corcaigh nuair is eol don saol Fodlach gur idir Sligeach agus Luimneach a ritheann sí. Maíonn na húdair go mbeidh gá le 72 cóiste ar chostas euro126m ach tig linne a chruthú gur leor sé cinn ar euro25, difríocht de euro101m. Maítear freisin gur euro2.4m a chosnaíonn míle de líne nua nuair is eol dúinn ó Iarnród Éireann gur idir euro500,000 agus euro800,000 atá an fhigiúir. Fágann sé sin go bfhuil costas gach míle den líne nua méadaithe faoi thrí sa tuairisc seo."

"Ceann de na botúin is measa ar fad ata inti ná go bhfuil na codanna sin den líne idir Sligeach agus Cúil Mhuine agus idir Inis agus Luimneach cóirithe cheana féin ach is cosúil nach bhfuil an méid sin ar eolas ag lucht scríofa na tuairisce. Nuair a thógtar an dá phíosa iarnróid sin as an áireamh baineann sin euro180m eile den mhórchostas. Is deacair a chreidiúint go ndéanfadh daoine a thugann saineolaithe orthu féin botúin den chineál seo agus is gá iad a bhréagnú go poiblí anois."

Beidh na staitiscí seo agus go leor eile mar iad á gcur os comhair seimineáir i gClár Chlainne Mhuiris an tseachtain seo, átá á eagrú ag Coiste Forbartha an Iarthair do na húdaráis áitiúla agus do na grúpaí pobail san iarthar a mbaineann an scéal leo.

"Tá an Tuairisc seo breac le botúin chomh fada agus a bhaineann sé le Bealach an Iarthair agus ba chóir í a tharraingt siar agus leithscéal a ghabháil leis an bpobal a d'íoc as ar an gcéad dul síos. Ina theannta sin is gá don Aire na fíricí, atá ar fáil uainne, a scrúdú go prainneach agus an líne seo a chur ar ais ar bharr an liosta phleanála," arsa an tUas Dawson.

 

 

 

 

 

 

 

Home
| Maps | About WOT | Latest News | Archive | History | Links |
| Photo Gallery| Burma Road Gallery 1981|
| Inspection of the Western Rail Corridor
Visit Our YouTube Channel
WOT facebook

Further Information Email rail @ westontrack.com

Website sponsored by Mayo Ireland Ltd

Visit the Mayo Ireland website for up to date information on County Mayo.