western rail corridor
campaign
FAQ
Archive
History
rail links

 

 


 

West=On=Track - News

Osclóidh Fine Gael
Iarnród an Iarthair

Foinse, April 2003

Bhí idir dea-scéala agus droch-scéala an tseachtain seo do lucht tacaíochta iarnród

an iarthair nó Bealalch an Iarthair, mar is fearr aithne uirthi. Agus é ag freastal ar sheimneár speisialta a d'eagraigh Coimisiún Forbartha anIarthair i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo, dhearbhaigh Denis Naughten T.D., urlabhraí Iompair Fhine Gael, go n-osclódh a phairtí siúd an líne chonspóideach chomh luath agus a bheidís ar ais i mbun rialtais arís.

Ag labhairt dó le Foinse dúirt sé go raibh sé soiléir anois go bhféadfaí líne den scoth a oscailt ar chéatadán an-bheag den mhéid a chosnódh píosa de bhóthar nua amháin. Dúirt sé go raibh a pháirtí níos cinnte anois ná riamh go raibh ciall le hathoscailt na líne agus dúirt go raibh an ceannaire Enda Kenny go mór ar son an togra chomh maith.

Ag an ócáid chéanna thug an tAire Éamon Ó Cuív le fios go raibh seisean, mar aire atá ag plé le forbairt an iarthair, go mór i bhfábhar an líne a bheith oscailte freisin ach go mbeadh deacrachtaí, dar leis, an cás ar a shon a chruthú in oirthear na tíre. Bhí sé den tuairim go bhféadfái an líne a athoscailt arís de reir a chéile, ag tosú b'fhéidir leis na píosaí is gaire do na bailte móra nó na cathracha is mó daonra, agus na píosaí éagsúla a cheangal ina n-iomlán ar deireadh.

Rinneadh géar-cháineadh ar an SRR, an tuairisc a foilsíodh ar na mallaibh faoi chúrsaí iarnróid in Éirinn. Dúirt an Dr. Seamus Mac Con Gamhna nach dtabharfadh sé féin pas don mhacléinn a chuirfeadh a leithéid de thráchtas faoina bhráid. Bhí an tuairisc breac le botúin agus míchruinnis ó thus go deireadh agus ba scannal é go n-iocfadh an stát leathmhilliún euro as a leithéid. Bhí cás ann dar leis an t-airgead sin a éileamh ar ais.

Dúirt an MEP, Dana Rosemary Scallon, go raibh sise den tuairim go bhféadfadh an réigiún dul díreach go dtí an comhphobal Eorpach lena chás a dhéanamh agus gheall sí go dtacódh sí go tréan lena leithéid d'iarrachta. "Ach an phráinn a bhaineann leis seo ar fad ná go mbeidh stádas speisialta an réigiúin seo ag imeacht as taobh istigh de chúpla bliain. Is gá an beart a dhéanamh gan mhoill, bíodh sin ag teacht ón rialtos nó go díreach ón réigiun féin," ar sise.

Dúirt an tAth Mícheál MacGréil SJ, nach raibh aon ghá lena thuilleadh tuairiscí ach gur gníomh pholaitiúil a bhí de dhíth. "Ag glacadh leis gur daonlathas atá anseo againn, agus tá súil agam gurb ea, is gá an bealach seo, gur leis na daoine é, a thabhairt ar ais do na daoine, agus úsáid a bhaint as mar ba choir. Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil tuiscint ar leith ag an Aire Brennan ar thábhacht na ceiste seo agus nach gclisfeadh se orainn," ar seisean.

Ach ag labhairt do i Sligeach, dúirt an tAire Iompair, Seamus Brennan, T.D., go raibh gá lena chinntiú cén t-éileamh agus cén tairbhe a bheadh le hathoscailt na líne nó aonaid di agus nár léir dó go bhféadfadh sé sin tarlú maidin amárach.

 

 

 

 

 

 

 

Home
| Maps | About WOT | Latest News | Archive | History | Links |
| Photo Gallery| Burma Road Gallery 1981|
| Inspection of the Western Rail Corridor
Visit Our YouTube Channel
WOT facebook

Further Information Email rail @ westontrack.com

Website sponsored by Mayo Ireland Ltd

Visit the Mayo Ireland website for up to date information on County Mayo.