western rail corridor
campaign
FAQ
Archive
History
rail links
 

 

 


 

West=On=Track - News

Feachtas Iarnróid an Iarthair Seolta

15 June 2003

Preasráiteas ó West on Track

Feachtas Iarnróid an Iarthair Seolta

Seoladh feachtas pobail chun an Western Rail Corridor nó Bealach an Iarthair a athoscailt ag cruinniú ollmhór i mBeal Átha an Rí an tseachtain seo. Bhí toscairí i láthair as bailte agus cathracha ar fud an chúige le haghaidh seoladh West on Track mar a thugtar ar an bhfeachtas. Tá coistí bunaithe ins na bailte móra ar fad atá ar an líne agus é mar aidhm acu geallúint a fháil ón Aire Iompair, Séamus Brennan T.D., go gcuirfí an line, ar cheann de na píosaí geilleagair is mó sa tír í, ar ais i mbun seirbhíse mar chuid de chur i bhfeidhm an Stráitéis Naisiúnta Spáis (SNS).

"Ba léir nach raibh an taire ró-shasta leis an tuairisc a foilsíodh roimh Chaisc faoin line chéanna, tuairisc a bhí breac le botúin dar le go leor tráchtairí ag an am," arsa Martin Cunniffe, duine de bhunaitheoirí an fheachtais ag an seoladh. "Cúis dóchais dúinn go bhfuil treoraithe aige anois do Booz Allen Hamilton, an dream a rinne an tuairisc, dul ar ais agus mionscrúdú a dhéanamh ar na fíorchostais agus ar na féidireachtaí a bhainfeadh leis an líne a athoscailt. Féachfaidh West on track chuige go mbeidh na fírící agus na figiúirí i gceart acu an babhta seo."

Idir an dá linn meastar go seolfar 20,000 cárta poist go dtí an tAire Iompair agus an líon céanna ríomhphostanna. Cruinneofar suas le 100,000 síniúchan freisin agus beidh postaeir agus fógraí ar fud na háite. Tionólfar lá aicsin i rith an tsamhraidh, uair a mbeidh féastaí agus ceol ins na bailte uilig ar an line, agus foilseoidh na nuachtáin áitiúla ar fud san iarthair forlíonadh speisialta ag tacú leis an bhfeachtas. Beidh comórtas amhránaíochta ann freisin don amhran is fearr ar son an fheachtais.

Tá coistí forbartha aitiúla, cumainn trádála agus cumainn phobail éagsúla ag tacú leis an bhfeachtas agus meastar go mbeidh sé ar cheann de na feachtais ba mhó san iarthar ó aimsir chogadh na talún. Tá na páirtithe polaitiúla uilig ag tacú leis freisin agus súil ghéar acu ar na toghcháin áitiúla a bheas ar bun i 2004.

Dúirt an tOll. Séamus Con Gamhna, ball den choiste stiúrtha, gur ócáid stairiúil a bhí ann sa mhéid agus go raibh daoine as an oiread sin áiteanna cruinnithe le chéile agus iad ar aon fhocal faoi thionscnamh amháin dá bpobail uilig. "Ní dóigh liom go bhfuil aon togra eile a d'aontódh daoine mar ata siad aontaithe faoin bhfeachtas seo," ar seisean, "agus sin an fáth go gceapaim go mbeidh rath ar an obair."

 

Home
| Maps | About WOT | Latest News | Archive | History | Links |
| Photo Gallery| Burma Road Gallery 1981|
| Inspection of the Western Rail Corridor
Visit Our YouTube Channel
WOT facebook

Further Information Email rail @ westontrack.com

Website sponsored by Mayo Ireland Ltd

Visit the Mayo Ireland website for up to date information on County Mayo.