western rail corridor
campaign
FAQ
Archive
History
rail links
 

 

 


 

West=On=Track -News

Ráiteas ón Aire Éamon Ó'Cuív TD

Monday March 29th 2010 

Is lá fíor-thábhachtach é inniu d’Iarthar na hÉireann. Ar an lá seo, osclóidh an chéad chuid de Bhealach Iarnróid an Iarthair, a dhéanfaidh comhnascadh amach anseo idir Luimneach agus Sligeach, le nascanna go Gaillimh, Caisleán an Bharraigh agus Béal an Átha. Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil an chéad chuid den togra stairiúil seo ag oscailt faoi dheireadh. Fáiltíom freisin roimh an cúig thuras laethúil idir Ghaillimh agus Luimneach i rith na seachtaine agus an freastal ar phaisnéirí i nGaillimh agus Luimneach.

Le blianta fada anuas, tá feachtas leanúach ann chun an líne traenach stairiúil seo a ath-oscailt agus chun cur le forbairt bhonneagair an Iarthair. Ba mhaith liom traoslú le Iarnród Eireann maidir le caighdéan na hoibre ar an líne agus freisin as ucht ticéad mhíosúil tarraingteach a chur ar fáil mar chuid don t-seirbhís. Tá siad seo tarraingteach go háirithe nuair atá na lascainí do chomaitéirí faoin Scéim Choigilteora Cánach tugtha san áireamh. Mar shampla, sé an costas a bheidh ar thicéid dúbailte ó Chreachmhaoil go Gaillimh ná €3.

Cuirim fáilte freisin roimh na hoibre shuirbhéireachta leanúnach atá taréis a bheith déanta idir Bhaile Átha an Rí agus Tuaim agus idir Tuaim agus Clár Chlainne Mhuiris.

Tuigim nach bhfuil mórán constaicí loigisticúil ar an chuid den líne idir Bhaile Átha an Rí agus Tuaim agus gurbh é an píosa den líne leis an sonraíocht is airde. Níl mórán crosairí feirme nó comhréidh ar agus fágann sé sin go bhfuil sé níos éasca é a fhorbairt. Thaispeáin an tsuirbhé a rinne Coimisiún Forbartha an Iarthair go bhfuil níos mó daoine ag taisteal ó Thuaim agus ó thuaidh de Ghaillimh go ginerálta chuig na hoibre i nGaillimh ná mar atá ó dheas de Ghaillimh. Mar sin, ba cheart go gcruthódh athoscailt an nasc ó Thuaim go Baile Átha an Rí go Gaillimh mar an chuid is inmharthana den líne.

Tá mé ag súil go ndéanfaidh Iarnród Eireann moltaí chun an líne a athoscailt, ag teacht le Iompar 21 agus go leanfar ar aghaidh leis an obair ar bhunús chéimiúil chun an líne uile a athoscailt ó Shligeach go Luimneach.

Ar an lá speisialta seo is gá dom buíochas a ghlacadh leis an gCoiste Idir-Chondae a d’oibrigh go crua ar feadh na mblianta chun an líne a chaomhnú agus ag brú an togra chun cinn. Chabhraigh baill de na hÚdaráis Áitiúla as chuile pháirtí lena n-iarracht, faoi stiúir ábálta an tAthair Micheál Mac Gréil. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghlacadh leis an bhfeachtas West-On-Track faoi threoir Martin Cunnife agus Colmán Ó Raghallaigh a bhí dianseasmhach ina n-iarracht chun an líne a ath-oscailt. Fuair siad toradh ar a ndíocas. Mar Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta bhí áthas orm cúnamh a thabhairt dá niarracht agus anois go bhfuil toradh le feicéal againn ar seo.

 

 

 

 

 

 

 

 

Home
| Maps | About WOT | Latest News | Archive | History | Links |
| Photo Gallery| Burma Road Gallery 1981|
| Inspection of the Western Rail Corridor
Visit Our YouTube Channel
WOT facebook

Further Information Email rail @ westontrack.com

Website sponsored by Mayo Ireland Ltd

Visit the Mayo Ireland website for up to date information on County Mayo.