western rail corridor
campaign
FAQ
Archive
History
rail links
 

 

 


 

West=On=Track - News

Scannal na dTáillí Iarnróid san Iarthar Nochtaithe

Foinse 11/10/2003

 

Tá sé ar a laghad a dhá nó a thrí oiread níos daoire turas traenach a dhéanamh in iarthar na hÉireann ná mar atá sé in oirthear na tire. In ainneoin na ngearán a chloistear go síoraí seasta ó dhaoine i mBaile Átha Cliath faoina gcuid seirbhísí, léiríonn figiúirí a d'fhoilsigh West on Track, an feachtas ar son Bealach an Iarthair, an tseachtain seo, go bhfuil taisteal traenach i bhfad níos saoire ag daoine san ardchathair ná mar ag pobal an iarthair.

De réir taighde a rinne West on Track cosnaíonn sé euro14 ticéad fillte a cheannach ó Chlár Chlainne Mhuiris go dtí An Caisleán Riabhach. Ach don turas céanna idir Bhaile Brigín agus Baile Átha Cliath ní chosnaíonn an ticéad céanna ach euro5.90. Cosnaíonn ticéad fillte ó Bhaile an Mhóta i gCo. Shligigh go cathair Shligigh euro11 ach is féidir taisteal ó Mhaigh Nuad go Baile Átha Cliath ar euro4.50. Agus sa sampla is conspóidí ar fad caithfidh an paisinéir ar mhian leis taisteal ó Bhéal Átha an Rí go cathair na Gaillimhe agus ar ais, euro11.50 a íoc. Ach don turas céanna ó Bhré Chualainn go Baile Átha Cliath ní chosnaíonn an ticéad ach euro3.50.

"Is léir ó na figiuirí seo go bhfuil leatrom leanúnach ar siúl ar mhuintir an iarthair ag an gcomhlacht naisiúnta iompair, Iarnród Éireann" arsa urlabhraí thar cheann West on track le Foinse an tseachtain seo. "Ag an am céanna bíonn sé de dhanaíocht ag an gcomhlacht céanna a rá nach bhfuil an oiread sin daoine ag taisteal ar na traenacha san iarthar. An iontas ar bith é sin nuair a chaithfidh siad praghasanna mar seo a íoc? Agus mar bharr donais ar an scéal níl siad sásta an líne is mó atá againn san iarthar a oscailt suas don phobal in ainneoin go bhfuil sé léirithe ag an NRA go bhfuil na tranglaim tráchta ar an N17 níos measa ná na cinn ar an N4 in aice le Cionn Átha Gad."

"B'fhéidir nach bhfuil a fhios ag daoine nach bhfuil oiread agus duine amhain as iarthar na hÉireann ar bhord Iarnród Éireann. Seans go míníonn sé sin an dearcadh aontaobhach atá acu ar an taobh seo tire. Tá sé thar am gur labhair ár dTeachtaí Dála agus Comhairleoirí Contae amach in éadain an scannail seo le go dtabharfaí cothrom na féinne do phobal an iarthair ina dtír féin. Mar thus d'fhéadfadh an tAire Brennan a fhógairt anois go n-athosclófar Bealach an Iarthair ar bhonn céimnithe agus dáta deiridh a thabhairt don togra sin a bheith curtha i gcrích."

 

 

 

 

 

 

 

Home
| Maps | About WOT | Latest News | Archive | History | Links |
| Photo Gallery| Burma Road Gallery 1981|
| Inspection of the Western Rail Corridor
Visit Our YouTube Channel
WOT facebook

Further Information Email rail @ westontrack.com

Website sponsored by Mayo Ireland Ltd

Visit the Mayo Ireland website for up to date information on County Mayo.