western rail corridor
campaign
FAQ
Archive
History
rail links
 

 

 


 

West=On=Track - News

Tacaíocht Pholaitiúil ag Méadú d'Iarnród an Iarthair

Foinse
November 9th 2003

Irene Ní Nualláin

Tuigtear go bhfuil West on Track ag iarraidh dul os comhair Chomhchoiste Iompair an Oireachtais sar i bhfad lena gcás a mhíniú ag leibhéal náisiunta.

Tháinig méadú suntasach ar an bhfeachtas ar son an iarnróid idir Shligeach agus Luimneach, nó Bealach an Iarthair mar a thugtar uirthi, nuair a d'fhógair Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre an tseachtain seo go raibh siad i bhfábhar athoscailt na line.

Ag preasagallamh i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo, dúirt ceannaire an Lucht Oibre, Pat Rabbitte T.D., go mba ábhar imní do dhaoine an tuairisc a foilsíodh le gairid faoin mbealach ina bhfuil airgead a bhí le caitheamh ar fhorbairt sa cheantar BMW, á chaitheamh i réigiúin eile.

"Feictear domsa go gcaithfear rud eigin a dhéanamh go práinneach chun an staid seo a chur ina cheart agus ní dóigh liom go bhfuil aon tógra eile ar na bacáin don iarthar a dhéanfadh a oiread sin maitheasa agus a dhéanfadh athoscailt na line seo," arsa an tUas Rabbitte.

"Tacóidh an páirtí seo leis an Aire Brennan ach an cinneadh stairiúil ciallmhar seo a thógáil, ach is gá feidhmiú gan mhoill taobh istigh de thréimhse an Phlean Náisiúnta Forbartha le go mbainfí an tairbhe ceart as don réigiún i gcoitinne."

Dúirt Michael D. Higgins T.D. go raibh an Lucht Oibre ag tacú ag gach leibhéal leis an bhfeachtas pobail a bhí á rith ag West on Track agus go rachadh an tacáiocht sin i méid feasta.

Bhí an scéal céanna ag ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny T.D., nuair a labhair sé ag staisiún traenach Choillte Mach ar an Luan.

"Tacaíonn Fine Gael go neamhbhalbh leis an bhfeachtas seo," ar seisean, "mar is léir dúinn go bhfuil géarghá leis an leas is fearr a bhaint as na hachmhainní atá againn anseo san iarthar. Is náireach an rud é go bhfuil an líne seo ligthe i ndearmad mar atá nuair atá an oiread sin éilimh anois ar chóras iompair nua-aimseartha sa taobh seo den tír. Tógaimís a bhfuil le tógáil san oirthear ach tabharfaimís cothrom na féinne don iarthar freisin."

Dúirt Denis Naughten, urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí iompair, go raibh gá leis an line seo anois níos mó ná riamh. "Le rófhada táimid ag éisteacht leis an Aire Brennan ag rá gur fear de chuid an iarthair é agus go bhfuil bá aige leis an line seo. Anois an t-am le feoil a chur ar an dea-thoil sin. Ní thig leis an iarthar fanacht níos faide."

 

 

 

 

 

 

 

Home
| Maps | About WOT | Latest News | Archive | History | Links |
| Photo Gallery| Burma Road Gallery 1981|
| Inspection of the Western Rail Corridor
Visit Our YouTube Channel
WOT facebook

Further Information Email rail @ westontrack.com

Website sponsored by Mayo Ireland Ltd

Visit the Mayo Ireland website for up to date information on County Mayo.