western rail corridor
campaign
FAQ
Archive
History
rail links
 

 

 


 

West=On=Track - News

Seirbhís thraenach Gaillimh - Clár Chlainne Mhuiris molta

 

Molfar san Stráitéis Réigiúnach Forbartha do chontaetha an Iarthair gur cheart seirbhís thraeneach a chur ar fáil gan mhoill as Clár Chlainne Mhuiris go cathair na Gaillimhe. Moltar go mbeadh an córas traenacha beaga seo ag tabhairt seirbhíse do Thuaim agus do Bhaile Átha an Rí agus moltar freisin go dtógfaí stáisiún traeneach ar an Órán Mór; bheadh Órán Mór ina chuid don chóras nua seo de réir na Stráitéise atá le foilsiú as seo go ceann míosa.

An tÚdarás Forbartha Réigiúnach do chontaetha Ros Comáin, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe a d'ullmhaigh an Stráitéis seo. Tá ionadaithe as na Comhairlí Contae sna trí chontae sin, agus ionadaithe as Comhairle Cathrach na Gaillimhe, ina mbaill don Údarás Forbartha Réigiúnach. Cé nach gá go dtabharfaí aird ar mholtaí na Stráitéise, tarraingeoidh an bhéim atá curtha ag an Údarás Réigiúnda ar sheirbhís thraenacha tuilleadh airde ar an gceist seo. Tá Coiste atá ceaptha ag an Aire Séamus Ó Braonáin ag breithniú na ceiste seo faoi láthair.

Tá an grúpa "West on Track" ag éileamh gur cheart go mbeadh fáil ar sheirbhísí traenach as Cúl Mhuine i Sligeach chomh fada ó dheas le hInis i gContae an Chláir. Tá sean-ráillí ann í gcaitheamh an bhealaigh cheanna féin, agus is leis an Stát an talamh ar fad.

Ach, san Stráitéis atá réitithe ag Údarás Réigiúnach Forbartha an Iarthair, moltar go rachfaí i mbun na hoibre ina thrí chuid: tá an tseirbhís as Clár Chlainne Mhuiris go Gaillimh curtha sa gcéad áit ar an gcúis gurb é is géire atá ag teastáil, adeirtear.

"Creideann muid go mbeadh an oiread daoine ag baint leasa as an tseirbhís sin agus go mbeadh brabach le baint as", adeir Séamus Mac Gabharáin, an Príomh Fheidhmeannach ar an Údarás Forbartha Réigiúnach san iarthar. "Feictear dúinn gur cheart baile an Óráin Mhóir a thabhairt isteach sa gcóras seo freisin mar go mbeidh cuimse daoine ag taisteal an treo sin chuig a gcuid oibre", adeir sé. "Ach, theastódh seirbhís bus ansin ón stáisiún a bheadh ar an Órán Mór chomh fada leis na hionaid oibre".

Moltar san Stráitéis gur traenacha trí-charráiste a bheadh ar na ráillí agus go mbeadh siad ag rith go minic, go háirithe ar maidin agus trathnóna. Ceapann an tÚdarás Forbartha Réigiúnach go bhféadfaí an tseirbhís seo a chur ar fáil ar chostas caipitiúil euro100m.

De réir na dTreoracha atá le foilsiú go gairid, bheadh seirbhís as Clár Chlainne Mhuiris go Cúl Mhúinne í Sligeach ar an dara cuid don fhorbairt iarnróid agus an ceangal idir Baile Átha an Rí (Gaillimh) go hInis, Co an Chláir ar an triú cuid.

"Meastar go bhféadfaí an obair uilig a dhéanamh ar euro400m," adeir Séamus Mac Gabharáin in oifig an Údaráis Fhorbartha Réigiúnaigh. "Cuimhnigh nach mbeadh aon chostas talún í gceist ó thárla go bhfuil smacht ag an Stát ar chuile orlach dó."

 

 

 

 

 

 

 

Home
| Maps | About WOT | Latest News | Archive | History | Links |
| Photo Gallery| Burma Road Gallery 1981|
| Inspection of the Western Rail Corridor
Visit Our YouTube Channel
WOT facebook

Further Information Email rail @ westontrack.com

Website sponsored by Mayo Ireland Ltd

Visit the Mayo Ireland website for up to date information on County Mayo.